|
|
Cursaí reatha
- Dúirt Uachtarán na Siombáibe, Robert Mugabe, go raibh gach cosúlacht ann go dtiocfaidh páirtithe polaitiúla uile na tíre ar chomhaontú maidir le roinnt na cumhachta ansin. Tháinig Parlaimint na tíre le chéile go hoifigiúil ar maidin cúig mhí tar éis thoghchán na hUachtaránachta a tharraing cuid mhór conspóide ansin.
- Tá cainteanna maidir le comhaontú trádála domhanda i sáinn sa Ghinéiv. Tá na cainteanna ar siúl le naoi lá anuas.
- Chuir Cúirt Uachtarach na Spáinne na ciontaithe ar cheathrar fear a daoradh faoi bhuamáil Madrid ceithre bliana ó shin ar neamhní inniu.
- Beidh táillí páirceála le n-íoc go luath ag daoine a fhágann a gcuid carranna ag stáisiúin traenach thimpeall ar chontae Bhaile Átha Cliath.
- Rialaigh an Chúirt Uachtarach gur cheart deireadh a chur le scéim chúitimh an rialtais do árachas sláinte, faoina bhfaigheann an VHI na milliúin euro ó chomhlachtaí atá in iomaíocht leis toisc go bhfuil níos mó custaiméirí aosta aige.
- Tá na milte oibrí atá fostaithe ag an rialtas áitiúil i dTuaisceart Éireann i mbun stailce inniu mar chuid dá bhfeachtas ar mhaithe le hardú pá.
- Thit luach na scaireanna arís inniu ar mhargaí na hEorpa. Chaill an ISEQ i mBaile Átha Cliath suas le 5% ar an meán.
- Bua na Spáinne sa chluiche ceannais i gCraobh Sacair na hEorpa.
- Vótáil in Éirinn maidir leis an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2008, Conradh Liospóin.
Akihabara, Tóiceo, 8 Meitheamh, 2008
- Bua na Mumhan i gCorn Rugbaí na hEorpa i gcoinne Toulouse.
Hartford, Connecticut, 4 Feabhra, 2008
- Olltoghchán in Éirinn chun an 30ú Dáil a toghadh.
New Orleans, Louisiana, 29 Lúnasa 2005
- Bua Michelle Bachelet, iarrthóir sóisialach, sna toghcháin uachtaránachta sa tSile. Is í an chéad bhean a bheidh ina huachtarán sa tír. [4]
|